RTE Raidió na Gaeltachta

Bunaíodh RTÉ Raidió na Gaeltachta in1972. Seachtar a bhí fostaithe i dtús báire, ag craoladh dhá uair a chloig sa lá. Faoi láthair tá RTE RnaG ar an aer ceithre huaire fichead sa lá. Tá suas le ceithre scór ag obair i gceithre stiúideo, an cheanncheathrú i gCasla i gConamara, i mBaile na nGall i gCiarraí, in RTE i mBaile Átha Cliath agus ar na Doirí Beaga i dTír Chonaill. Tá dhá chloigeann déag den fhoireann ag obair go lánaimseartha agus beirt go páirtaimseartha i stáisiún na nDoirí Beaga.
Is stáisiúin Náisiúnta RTÉ Raidió na Gaeltachta a chuireann seirbhís chuimsitheach ar fáil ar fud na tíre agus anois ar fud na cruinne ar an idirlíon. Seo seirbhís a chlúdaíonn cúrsaí nuachta agus cúrsaí reatha, siamsaíocht, spórt, agus ar ndóighe an ceol traidisiúnta..
Cuireann RTE RnaG seirbhís chuimsitheach Nuacht ar fail on 8.00 ar maidin. D’éisteoirí a bhfuil suim acu i gContae Dhún na nGall bíonn Barrscéalta ar an aer gach lá ar 11.00 r.n agus bíonn Ronanbeo@3’ar an aer on 3 go dti’n 5 a chlog ó Mháirt go hAoine. Bíonn athchraoltaí de na cláracha sin le cluinstin ar 1.00 r.n agus ar 4.00 r.n.
For world news or local news, sports commentary locally and nationally, entertainment or the best of traditional music, log on to www.rte.ie forward to RTE Raidió na Gaeltachta, listen live or listen to our Podcasts.
“We pride ourselves on our local news and current affairs output which provides an important link to the Donegal Diaspora.”