Na Físealaíona i nGaeltacht

Seolta. An Cosan Glas
Seolta (An Cosan Glas)

Bhí traidisiún láidir ceoil i nGaeltacht Dhún na nGall riamh agus tá an ceol traidisiún beo, beithíoch go fóill. Is mór an mhéid féilte, scoileanna, ranganna, seisiúin agus imeachtaí ceoil a bhíonn ar siúl ar fud na Gaeltachta, agus gan dabht, tá clú agus cáil ar cheol agus ar cheoltóirí an cheantair; leithéid Clannad, Altan, muintir Uí Dhomhnaill agus go leor eile. Ach, ní hé an ceoil amháin atá faoi bhláth sa Ghaeltacht. Is díol iontais do roinnt daoine go bhfuil na físealaíona fíor-láidir agus go bhfuil earnáil láidir físealaíne ag feidhmiú sa Ghaeltacht.

Is mór an méid físealaíontóirí proifisiúnta a chur fúthu sa Ghaeltacht thar na blianta agus iad meallta ag áilleacht agus suaimhneas an cheantair. Bhí tionchar mór ag na daoine sin ar chúrsaí físealaíne sa cheantar. Spreag siad bunadh na háite le tabhairt faoin bhfísealaíon. Bhí tionchar acu ar stíl agus ar chleachtas na n-ealaíontóirí áitiúla, agus bhí tionchar acu ar chaighdeán na n-ealaíon. Ní haon iontas mar sin gur fhás na físealaíona sa cheantar. Bunaíodh grúpaí agus cumainn ealaíne agus tá roinnt acu fós thar a bheith ghníomhaí sa cheantar, ina measc tá Cuisle, An Cosán Glas, Ealaíontóirí Ghaoth Dobhair agus Ealaíontóirí Thóraí.

Is seod é an barrionad físealaíne atá tógtha ag Cló Ceardlann na gCnoc i Mín an Leá, i nGort a Choirce. Luíonn an t-ionad sainspeisialta i lár áilleacht agus suaimhneas na sléibhte, faoi scáth an Eargail.  Cuirtear ceardlanna, stiúideonna, spásanna oibre agus tithe cónaithe ar fáil d’fhísealaíontóirí, agus tá rogha leathan de threalamh agus de fheistis curtha ar fáil fosta; beagnach gach áis agus acmhainn atá ag teastáil le saothar físealaíne a chruthú. Reáchtáltar go leor imeachtaí san ionad, idir scoileanna, chúrsaí, ranganna agus sheimineár físealaíne. Tá tionscadal mór Eorpach, Samkura, ar bun ag Cló faoi láthair. Is tionscnamh físealaíne í ina ndéantar iniúchadh ar chumarsáide agus ar theagmháil ilchultúrtha. Tá ealaíontóirí ón nGréig, ón Arméin, ón bPortaingéil, ón Seoirse agus ón nGaeltacht féin páirteach sa togra. Mar chuid de Samkura, eagraíodh mórchomhdháil idirnáisiúnta in ionad Cló an mhí seo caite. 

Lena chois sin, tá gailearaí comhaimseartha nua forbartha ag Ceardlann na gCroisbhealach in Áislann Ghaoth Dobhair.  Cuirtear saothair chomhaimseartha le blas Gaelach ar thaispeántas agus aithnítear “An Gailearaí” mar cheann de na hionad físealaíne is tábhachtaí san Iardheisceart. Faoi láthair, tá an taispeántas ‘Spré Solais: Kindlings’ ar siúil. Tá an taispeántas tiomnaithe do Teresa Kennedy a fuair bás le gairid. Bhí Teresa, mar aon leis Melita Denaro, ar thús cadhnaíochta i gcúrsaí ealaíon i nDún na nGall le blianta fada. Chothaigh siad agus spreag siad go leor ealaíontóirí a bhfuil a n-ainm in airde anois. Mar chomhartha aitheantais do fhéile agus do dhíograis Theresa i réimse na n-ealaíon sa chontae, bheartaigh an Gailearaí taispeántas a chur le chéile ina honóir. Tá saothar de chuid Teresa agus Melita le feiceáil sa taispeántas, le cois saothar ealaíontóirí eile, iad seo ina measc: Ian Gordon, Sarah Lewtas, Caitlín Ní Ghallchóir, Katrina Quille, Bernie Mc Bride, Seán Ó Gaoghin, Ebie Francis, Kevin McGee, Maire O Donoghue and Tess White. Beidh an taispeántas ar siúl go dtí an 22 Meán Fómhair.

Is eagraíocht físealaíne an Cosán Glas atá clú agus cáil bainte amach acu de dheasca an mórthionscnaimh físealaíne a reáchtálann siad ar thrá Machaire Rabhartaigh gach bliain.  Loinnir is ea an teideal atá ar an tionscnamh. I gcroílár na ndumhcha móra le sléibhte maorga Thír Chonaill mar chúlra, agus i bhfoisceacht fiántas na farraige móire, cruthaíonn an grúpa dealbha ealaíonta atá lasta le solais. Leagtar na dealbha amach ar chosán 3.5km ar fhad. Cuirfear fuaimeanna agus íomhánna físiúla leis na dealbha, rud a n-ardaíonn suntas agus iontas an lucht féachana. Tugann os cionn 2,000 cuairt ar an taispeántas. Bíonn thart ar fiche ealaíontóir Gaeltachta páirteach sa tionscnamh.

Tá gailearaithe agus stiúideonna eile fite fuaite thar ar an nGaeltacht agus tá líon mhór ealaíontóirí ag obair sa cheantar. D’fhéadfaí a rá go bhfuil milieu cruthaithe. Is léir go bhfuil na físealaíne thar a bheith láidir agus ag dul ó neart go neart sa cheantar, agus is chuid tábhachtach de gheilleagar agus de shaol na Gaeltachta í an earnáil.  Tá Ealaíon na Gaeltachta freagrach as formhór na forbartha atá tarlaithe san earnáil físealaíne thar na blianta.  Bunaíodh Ealaín na Gaeltachta Teo, comhpháirtíocht rathúil idir An Chomhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltacha i 1997.  Tugann an eagraíocht tacaíocht agus maoiniú d’eagraíocht ealaíona agus d’ealaíontóirí i nGaeltacht Thír Chonaill. Cintíonn an eagraíocht go bhfuil treoir fadtréimseach ag na healaíon agus go dtagann forás.raidhsiúil ar infrastructúr agusar  dheachleachtas na n-ealaíon sa Ghaeltacht. 

 

 

Micheál Mac Aoidh, Údarás