Pangea Group to establish strategic operations hub in the Donegal Gaeltacht

Pangea Group to establish strategic operations hub in the Donegal Gaeltacht
Global tech consultants to create 10 new jobs supported by Údarás na Gaeltachta
Údarás na Gaeltachta has announced that European consultancy firm, Pangea is to establish its operational hub for Finance, Humans Resources and Operations in the Donegal Gaeltacht, where it will create 10 new jobs in coming years as it establishes its Irish presence.
Currently headquartered in Geneva with offices throughout Europe, the UK and the US, Pangea is a fast-growing company whose business model is to partner with tech companies to accelerate their global expansion. Using their extensive experience drawn from some of the world’s best technology companies, along with a history of successfully growing businesses internationally, Pangea are currently working with some of the most impressive companies in enterprise technology. Pangea have made the decision to establish this strategic presence in Donegal due to the talent available in the region and the value they see in the partnership with Údarás na Gaeltachta and the local community.
The company, with the support of Údarás na Gaeltachta in cooperation with IDA Ireland, has chosen to establish an operations hub in gteic@Gaoth Dobhair, post COVID-19 lockdown, and recruitment has already commenced in recent weeks. 10 new jobs will be created in the Donegal Gaeltacht in the administration side of the company initially from which their global network of business consultants will be managed. Pangea provide their services to a range of clients from large enterprises to start-ups across Financial Services, Life Sciences and other fast-growing sectors.
Welcoming the announcement the Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, Catherine Martin, T.D., said
“I am delighted that Údarás na Gaeltachta is announcing the establishment of a new strategic operations hub for Pangea in the Donegal Gaeltacht. I congratulate Rita Boyle and Marc Baumgartner of Pangea on choosing Ireland and Donegal as a platform from which their company will continue to prosper and provide valuable employment.”
Government Chief Whip and Minister of State for Sport and the Gaeltacht, Jack Chambers, T.D., also welcomed the announcement and said
“This is a significant announcement for this rural Gaeltacht area and one which I hope will bring further growth and high quality employment to the area. Even at these uncertain times it is great to see the cooperation between Údarás na Gaeltachta and IDA Ireland reaping rewards in foreign direct investment for Ireland.”
Pangea COO and co-founder Rita Boyle spoke of the expansion and announcement of 10 new positions:
“We are incredibly excited to be expanding our operations to the Donegal Gaeltacht and wish to thank Údarás na Gaeltachta and the IDA for their unwavering support and assistance in creating this opportunity for Pangea. We see the talent in the region and the ability to create a long term, strategic presence in Donegal as a competitive differentiator for us. We’re working with some of the most innovative and fast growing technology companies in the world and we believe that the Irish warmth, professionalism and general talent will connect very well with our clients.”
Anna Ní Ghallachair, Chairperson of the Board of Údarás na Gaeltachta stated on behalf of the Board:
“It is very encouraging for the board of Údarás na Gaeltachta to see innovative and modern projects being set up in Ireland’s Gaeltacht areas where a skilled workforce will provide companies with the growth and expansion opportunities that they require. The unique language communities that define the Gaeltacht provide a culture of innovation and creativity in which businesses can prosper and grow with the support of Údarás na Gaeltachta. Pangea’s decision shows that the technology offering, availability of talent and attractive work life balance in the Gaeltacht resonates with overseas investors and Ireland’s value proposition and our agile and adaptable business environment remains intact despite the unprecedented challenges of the Covid-19 pandemic.”
Making the announcement Mícheál Ó hÉanaigh, Chief Executive Officer, Údarás na Gaeltachta said:
“Údarás na Gaeltachta is delighted to welcome global tech business experts Pangea ‘home’ to the Donegal Gaeltacht and look forward to forging a longlasting partnership with the company as it expands and grows over the coming years. Irelands Gaeltacht Areas have the potential to provide businesses of all types with a perfect base from which to be connected with the world while enjoying world class worklife balance for their employees. Our gteic network of digital & innovation hubs have forged links worldwide through the fantastic companies that have set up and relocated there and Údarás na Gaeltachta will continue to support and develop this burgeoning digital ecosystem. We would like to acknowledge the cooperation and assistance of IDA Ireland in assisting Pangea to choose their new home in Ireland. Údarás look forward to continuing to work hand in hand with IDA Ireland to help Ireland to compete strongly for inward investment.”
Mol oibríochtaí straitéiseach le bunú ag Pangea Group i nGaeltacht Dhún na nGall
10 bpost nua le cruthú ag an ngrúpa sainchomhairleoirí teicneolaíochta domhanda, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta
Tá sé fógartha ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil an comhlacht sainchomhairleoireachta Eorpach, Pangea, ag bunú mol oibríochtaí do chúrsaí Airgeadais, Acmhainní Daonna agus Oibriúcháin i nGaeltacht Dhún na nGall, áit a gcruthóidh sé 10 bpost nua sna blianta beaga romhainn de réir mar a bhunaíonn an comhlacht a láithreacht in Éirinn.
Tá ceanncheathrú Pangea sa Ghinéiv agus tá oifigí aige ar fud na hEorpa, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe. Comhlacht mearfháis é a bhfuil sé mar mhúnla gnó aige comhpháirtíochtaí a chruthú le comhlachtaí teicneolaíochta chun borradh a chur faoina leathnú domhanda. Baineann Pangea úsáid as a thaithí fhorleathan ar chuid de na comhlachtaí teicneolaíochta is fearr ar domhan agus tá cáil ar a rath gnóthaí a fhás go hidirnáisiúnta. Tá Pangea ag obair faoi láthair le cuid de na comhlachtaí is suntasaí sa teicneolaíocht fiontair. Tá an cinneadh déanta ag Pangea an láithreacht straitéiseach seo a bhunú i nDún na nGall mar gheall ar an tallann oilte atá ar fáil sa réigiún agus an luach a fheiceann siad sa chomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta agus an pobal áitiúil.
Tá sé roghnaithe ag an gcomhlacht, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail, mol oibríochtaí a bhunú in gteic@Gaoth Dobhair, tar éis na dianghlasála COVID-19, agus tá tús curtha leis an earcaíocht cheana féin le seachtainí beaga anuas. Cruthófar na 10 bpost nua i nGaeltacht Dhún na nGall ar thaobh riaracháin an chomhlachta ar dtús, agus is uaidh seo a dhéanfar bainistiú ar a líonra domhanda sainchomhairleoirí gnó. Cuireann Pangea a chuid seirbhísí ar fáil do raon cliant, idir fhiontair mhóra agus comhlachtaí nuathionscanta ar fud na n-earnálacha Seirbhísí Airgeadais, Eolaíochtaí na Beatha agus earnálacha eile mearfháis.
Agus í ag cur fáilte roimh an bhfógra, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D.,
“Tá áthas orm go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag fógairt bhunú an mhoil nua oibríochtaí straitéiseacha do Pangea i nGaeltacht Dhún na nGall. Tréaslaím le Rita Boyle agus Marc Baumgartner in Pangea as ucht Éire agus Dún na nGall a roghnú mar ardán óna leanfaidh a gcomhlacht ar aghaidh leis an rath atá air agus d’fhostaíocht luachmhar a chur ar fáil.”
Chuir Príomhaoire an Rialtais agus Aire Stáit Spóirt agus Gaeltachta, Jack Chambers, T.D., fáilte roimh an bhfógra chomh maith agus dúirt
“Fógra suntasach é seo don cheantar Gaeltachta tuaithe seo agus tá súil agam go dtiocfaidh tuilleadh fáis agus fostaíochta ardchaighdeáin as don cheantar. Fiú ag an tréimhse neamhchinnte seo, is iontach an toradh a fheiceáil ar an gcomhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail ó thaobh infheistíocht dhíreach eachtrach a fháil isteach go hÉirinn.”
Labhair Príomhoifigeach Oibriúcháin agus comhbhunaitheoir Pangea, Rita Boyle, faoin leathnú agus faoi fhógairt na 10 bpost nua:
“Tá muid an-tógtha ár n-oibríochtaí a leathnú go Gaeltacht Dhún na nGall agus is mian linn buíochas a ghabháil le hÚdarás na Gaeltachta agus leis an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail as ucht a dtacaíocht agus a gcúnamh seasta chun an deis seo a chruthú le haghaidh Pangea. Feiceann muid na daoine oilte atá sa réigiún agus an cumas láithreacht fhadtéarmach, straitéiseach a chruthú i nDún na nGall mar dhifreálaí iomaíochta dúinn. Tá muid ag obair le cuid de na comhlachtaí teicneolaíochta is nuálaí agus is sciobtha fáis ar domhan agus creideann muid go luífidh láíocht, gairmiúlacht agus an tallann ghinearálta go maith lenár gcuid cliant.”
Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, an méid seo thar ceann an Bhoird:
“Is údar misnigh do Bhord Údarás na Gaeltachta a fheiceáil go bhfuil tionscadail nuálacha agus nua-aimseartha á mbunú i gceantair Ghaeltachta na hÉireann, áit a gcuirfidh lucht saothair deiseanna fáis agus leathnaithe ar fáil do chomhlachtaí a dteastaíonn sé uathu. Mar gheall ar na pobail uathúla teanga a shainíonn an Ghaeltacht, cuirtear cultúr nuálaíochta agus cruthaitheachta ar fáil ina bhféadann bláth agus fás teacht ar ghnóthaí le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Léiríonn cinneadh Pangea go bhfuil dáimh ag infheisteoirí eachtracha sa tairiscint teicneolaíochta atá ar fáil sa Ghaeltacht, san fháil ar dhaoine oilte agus an chothromaíocht saoil agus oibre mhealltach. Tá tairiscint luacha Éireann agus ár dtimpeallacht shofhreagrúil agus sholúbtha fós slán, in ainneoin na ndúshlán a eascraíonn as paindéim COVID-19.”
Ar fhógairt na bpostanna do Mhícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, dúirt sé:
“Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta fáilte ‘abhaile’ a chur roimh na saineolaithe teicneolaíochta gnó domhanda Pangea go Gaeltacht Dhún na nGall agus tá muid ag súil le comhpháirtíocht bhuan a chruthú leis an gcomhlacht de réir mar a leathnaíonn agus a fhásann sé sna blianta atá le teacht. Tá an cumas i gceantair Ghaeltachta na hÉireann bunáit den scoth a chur ar fáil don uile chineál gnó óna bhféadann siad ceangal leis an domhan mór, agus ag an am céanna cothromaíocht oibre agus saoil den chéad scoth a chur ar fáil dá bhfostaithe. Tá ceangail cruthaithe ag ár líonra mol digiteach agus nuálaíochta gteic ar fud an domhain trí na comhlachtaí iontacha atá tar éis bunú agus athlonnú ann agus leanfaidh Údarás na Gaeltachta ar aghaidh ag tacú agus forbairt an éiceachórais dhigitigh seo atá ag fás go mór. Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt do chomhoibriú agus cúnamh na Gníomhaireachta Forbartha Tionscail as ucht cuidiú le Pangea a mbaile nua in Éirinn a roghnú. Tá Údarás na Gaeltachta ag súil le leanúint ar aghaidh le hobair as lámh a chéile leis an nGníomhaireacht Forbartha tionscail chun cuidiú Éire a bheith san iomaíocht go láidir le haghaidh infheistíocht isteach.